About us

We design, build and support websites and apps for clients worldwide.
We make your business stand out. Interested? Let's chat.

Clódóirí CL Print suite i gCasla le hais an bhóthair cois cósta le linn Slí an Atlantaigh Fhiáin ar chósta thiar Chonamara.  Tá ár sárfhoireann ag dearadh agus ag freastal ar riachtanais phriontála custaiméirí ar fud chathair agus contae na Gaillimhe le breis agus dhá scór bliain. Is Clódóirí ginearálta muid agus clóbhuaileann muid réimse leathan táirgí chun freastal ar riachtanais custaiméirí..

Tá muid lonnaithe in Eastáit Tionsclaíoch Chasla atá 38km siar ó Chathair na Gaillimhe agus tá muid ag freastal ar riachtanais phriontála an phobail ón mbliain 1973.  Cuireann muid réimse leathan seirbhísí ar fáil ó Phriontáil Ginearálta, Comharthaí Taobh Istigh & Taobh Amuigh, Grafaicí Feithicle, Cumhdach do Bhallaí, Ábhar Poiblíochta d’Imeachtaí, Ceangal Leabhar, Grafaicí Fuinneoige chun roinnt seirbhísí a lua. Tá liosta iomlán de na seirbhísí priontála a chuireann muid ar fáil le fáil anseo.

Tá ár bhFoireann Dearthóirí Grafaicí ar fáil chun comhairle a chur ar fáil do chustaiméirí agus beidh teagmháil rialta acu le custaiméirí le linn an phróisis deartha, ó thús go deiridh, chun a smaointe agus a dtuairimí a fhíorú.  Má theastaíonn uait go dtarraingeoidh do ghnó/d’imeacht aird daoine glaoigh orainn inniu le haghaidh meastachán.

Glaoigh Orainn